lyrics.nthmost.com

a personal songbook

Ócam an Phríosúin

Prison Oakum

Traditional (Tomás Ó Lochlainn / Tom Neaine Choilm, An Trá Bháin, Connemara)

currently learning connemaraconnacht-irishsean-noscomicpoitinprison
Gaeilge English
Molaim sú an ghráin eorna go deo deo 'gus a choíche Nach mairg nach mbíonn tóir ar Rí Seoirse ar a dhéanamh Seán Ford a bheith ina ghiúistis, is chomhairleodh na daoine Mar is chuir mise ag foghlaim le ócam a spíonadh
I praise the juice of the barley grain forever and always What a pity King George has no longing to be making it himself With Seán Ford as a magistrate who would have advised the people — for he set me to learning how to pick oakum
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
And it's randa dideloram, it's the prison oakum May the juice of the barley grain leave the soldiers picking it
Is osclaíodh dom an stór a raibh ócam thar maoil ann Is thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa, Is nach mise a bhain gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall Nuair a d'fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fianach
The storehouse was opened for me that was overflowing with oakum And I took a great forkful with me — enough to last a month And didn't I raise a laugh from the guard standing around me When I asked the captain on whom had this fibre grown
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
And it's randa dideloram, it's the prison oakum May the juice of the barley grain leave the soldiers picking it
Céard a deir tú le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh dó go suaimhneach, Nuair a d'ionsaigh na luchain a chuid ícaim san oíche. Is maidin lá arna mhárach, bhí an ceannfort á inseacht ó, a dhiabhail, a deir an gobharnóir, ''tá an diabhail uilig déanta.''
What would you say of Mac Uí Lochlainn who went calmly off to sleep while the mice attacked his share of oakum in the night And the next morning the captain was telling the story — "Oh devil," says the governor, "The whole damned lot is gone"
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
And it's randa dideloram, it's the prison oakum May the juice of the barley grain leave the soldiers picking it
Is nach mise a bhíonn go brónach gach Domhnach is lá saoire, 'mo sheasamh amuigh sa ghairdín, istigh i bhfáinne is mé ag gabhail timpeall Go dtagann ó mo shúile sruth deor nuair a smaoinim Gur olc an obair Domhnaigh bheith i gcónaí ar an gcaoi seo
And isn't it me who grows sad every Sunday and holiday standing out in the garden inside a ring, going round and round Till streams of tears come from my eyes when I think what bad Sunday work it is to be always this way
Bhí mise maidin shamhraidh is mo leaba déanta síos agam Nuair a chonaic mé an ceannfort 's é ag gluaiseacht go dtí mé. ''Is b'in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le dnamh? do dhá lámh i do phóca is ócam le spíonadh?''
I was there one summer morning lying in my bed when I saw the captain moving towards me: "And is that the way it is with you, and is that all there is to be done? Your two hands in your pockets with oakum still to be picked?"
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
And it's randa dideloram, it's the prison oakum May the juice of the barley grain leave the soldiers picking it
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin Is nach bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
And it's randa dideloram, it's the prison oakum And may the juice of the barley grain never leave the soldiers picking it

Notes

Autobiographical comic song by Tomás Ó Lochlainn (Tom Neaine Choilm) from An Trá Bháin, Connemara. Caught making poitín, he was sentenced to hard labour — picking ócam (oakum), old tarred rope unravelled by hand to caulk ships. He composed the song in prison to amuse himself. "Sú an ghráin eorna" = juice of the barley grain (poitín). "Rí Seoirse" = King George (whose laws banned it). "Seán Ford" = local magistrate. "Óglach/Óglaigh" = soldier(s). Last chorus flips "go bhfága" to "nach bhfága" — a bitter final joke. Recorded by Líadan (Casadh na Taoide, 2009).

Source: https://lyricstranslate.com/en/%C3%B3cam-phr%C3%ADos%C3%BAin-prison-oakum.html-0